An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair Cathal Póirtéir i mbun comhrá le Éilís Ní Dhuibhne
In Partnership with IMRAM
Cheannaigh an Tiarna George Hill leath de pharóiste Ghaoth Dobhair roimh an Drochshaol agus thosaigh sé ar fheachtas le saol na ndaoine a athrú ó bhonn. Nuair a tháinig an Gorta Mór, d’athraigh an caidreamh maith eatarthu go coimhlint. Ríomhann Cathal Póirtéir an scéal ó thús go deireadh ina leabhar nua, An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht). Inniu, labhrann sé leis an scríbhneoir Éilís Ní Dhuibhne faoina chuid scríbhneoireachta.
In 1838 Lord George Hill bought half of the parish of Gaoth Dobhair, and embarked on an ambitious project to improve the area – building Bunbeg Harbour and improving roads, and introducing farming reforms. But in the wake of the Great Famine, his good relations with local people tured to bitter conflict. In this public interview with author Éilís Ni Dhuibhne, writer and broadcaster Cathal Póirtéir talks about his dramatic account of these events, An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht).
Is scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir é Cathal Póirtéir. Tá mórán leabhar foilsithe aige ar bhéaloideas agus stair na hÉireann, go háirithe ar thréimhse an Drochshaoil. Tá leabhar nua leis le foilsiú i mí na Samhna 2023 – An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair. Mangalam de stair shóisialta an cheantair agus beathaisnéis Hill, tiarna talaimh conspóideach agus fear a phós beirt neacht le Jane Austen.