Ailceimic an Aistritheora The Translator’s Alchemy
In Partnership with IMRAM
Plé ar aistriúcháin liteartha – An tOllamh Michael Cronin i mbun comhrá le Máirin Nic Con Iomaire, Antain Mac Lochlainn agus Mícheál Ó hAodha. The term ‘transcreation’ is often used to capture how literary translation is an alchemical act. This round-table talk features three leading translators – from other languages into Irish, and from Irish to English – discussing their craft.
This event takes place in The Chapel in the North Range of IMMA Venues.
Tráchtaire cultúrtha iomráiteach is ea an tOllamh Michael Cronin agus iliomad saothar foilsithe aige ar ghnéithe den idirchultúrachas agus ar shainréimse an aistriúcháin.
Professor Michael Cronin is a writer and academic whose areas of interest include travel literature, translation studies and the Irish language. His work has been translated into 16 languages including Arabic, Mandarin Chinese, Korean and Modern Greek. He is a Fellow of Trinity College Dublin, an elected Member of the Royal Irish Academy and the Academia Europaea, an Officer in the Ordre des Palmes Académiques and a Senior Researcher in the Trinity Centre for Literary and Cultural Translation.
Is scríbhneoir, aistritheoir agus tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chruinneas agus stíle sa Ghaeilge é Antain Mac Lochlainn, agus sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin, ina measc In Ord is in Eagar agus Ó Bhéarla go Gaeilge. I measc na saothar ficsin leis, tá an t-úrscéal gairid Ruball an Éin agus úrscéal do dhéagóirí, Taibhsí an Locha.
Is í Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin ag Ollscoil Mhá Nuad í Máirín Nic Con Iomaire. Tá réimse leathan leabhar aistrithe aici, iad foilsithe ag Futa Fata agus Barzaz. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Máirín Nic Con Iomaire is the Director of Translation Programmes in the School of Celtic Studies, Maynooth University. She has also worked as a journalist and producer with RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is Gaillimheach é Mícheál Ó hAodha a chaith tréimhse fada ag cur faoi i dtuaisceart Shasana. Is file Gaeilge, léachtóir agus aistritheoir é. Tá leabhair staire scríofa aige, go háirithe mar a bhaineann leis an Lucht Siúil, na Roma, agus lucht oibre agus na Gaeil a thóg an bád bán orthu féin. I measc na leabhair filíochta atá scríofa aige tá Slán le hÉireann agus Leabhar na nAistear.
Mícheál Ó hAodha is a poet, lecturer, historian and literary translator. As an historian, he has a particular interest in minority groups including Irish Travellers and the Roma. He has also written extensively on the experiences of Irish emigrants in England.