Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe – BOOKED OUT Ceardlann idirghníomhach le Richie Conroy
Sa tsraith leabhar Dialann Emily Porter (LeabhairCOMHAR), déanann Richie Conroy cur síos ar shaol an déagóra sna 1990idí. Ach an bhfuil an saol chomh difriúil do dhéagóirí an lae inniu? Meascán idir cheardlann scríbhneoireachta agus eachtra amthaistil a bheidh san imeacht seo. Déanfaidh Richie Conroy cur síos ar na cineálacha éagsúla reacaireachta san fhicsean, agus nochtfaidh sé dúinn an inspioráid taobh thiar de na leabhair Dialann Emily Porter. Roinnfidh sé leideanna scríbhneoireachta, agus beidh deis ag rannpháirtithe sa cheardlann a gcarachtar féin a chruthú.
Beidh deis ag an lucht éisteachta triail a bhaint as gléasanna agus giuirléidí ó na 1990idí chomh maith. An mbeidh siad in ann a oibriú amach conas téip a chur siar gan cadhnra an Walkman a ídiú? Nó conas an t-amhrán is fearr leo a thaifead ón raidió?
In the popular trilogy Dialann Emily Porter (LeabhairCOMHAR), author Richie Conroy describes teenage life in Ireland in the 1990s. But what are the similarities and differences between life as a teenager in the 1990s and today?
This event is a mix of a writing workshop and an adventure in time travel. Author Richie Conroy will lead the participants on an exploration of the different types of narrative fiction and he will reveal the inspiration behind his Dialann Emily Porter trilogy. He will share tips on writing and each participant will get the opportunity to create their own character.
Participants will also get a chance to interact with gadgets and gizmos from the 1990s. Can they figure out how to rewind a cassette tape without wasting any of their Walkman’s precious battery? Or how to record their favourite song from the radio?
In partnership with Chester Beatty.
This is a schools’ event for Transition Year.
Email info@dublinbookfestival.com to book your class in.
Is gearrscéalaí, úrscéalaí agus scriptscríbhneoir é Richie Conroy. Tá idir shraitheanna teilifíse agus fhadscannáin scríofa aige, Fran the Man agus Malory Towers ina measc. Bhí sé mar chomhscríbhneoir ar an sraith Crá a craoladh ar TG4, agus a ainmníodh ar ghearrliosta don Dráma is Fearr ag gradaim na IFTAs i mbliana. Foilsíodh gearrscéalta le Richie sa leabhar Saibhreas (Mentor Press) agus sna hirisí liteartha Splonk, Scáthán, Feasta agus Comhar. Tá trí leabhar sa tsraith Dialann Emily Porter scríofa ag Richie, iad foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Ainmníodh an chéad leabhar, An Jailtacht, ar an ngearrliosta do na Great Reads Awards in 2018, agus bhí an dara leabhar sa tsraith, Thíos Seal Thuas Seal, ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló ag Oireachtas na Samhna 2022. Foilsíodh an tríú leabhar, Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe, ag deireadh 2024, agus ainmníodh é ar fhadliosta na nGradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann i mbliana.
Richie Conroy is a short-story writer, novelist and scriptwriter. He has written television series as well as feature films including Fran the Man, Malory Towers and Pirate Mo. He co-wrote the TG4 series Crá, which was nominated for Best Drama at the IFTAs in 2025. His short stories have been published in the book Saibhreas (Mentor Press), and in literary magazines Splonk, Scáthán, Feasta and Comhar. He lives in Kildare. This is the third book in the popular Dialann Emily Porter series, published by LeabhairCOMHAR. The first book in this series, Dialann Emily Porter: An Jailtacht, was on the shortlist for the 2018 Great Reads Awards. The second book, Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal, won a prize at the Oireachtas Literary Awards in 2020, and it was also nominated for Gradam Réics Carló at Oireachtas na Samhna 2022. The latest book in the series, Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimisthe was published in November 2024 and was longlisted for the KPMG Children’s Books Ireland Awards in 2025.
