Móroíche Filíochta agus Ceoil Gala Poetry and Music Night
In Partnership with IMRAM
Tá an ghontacht sa chnuasach nua ó Louis de Paor, Cé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna? a mbeifeá ag súil leis ó shárfhile. Tugann Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín ar thuras beatha sinn trí bhóithre corracha an ghrá agus an uaignis. Is geall le haislingí beaga na dánta sa chnuasach I Muinín na nDúl le Máire Dinny Wren; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an haiku, Is amhránaí agus seinnteoir bouzouki as é Macdara Ó Faoláin, a bhfuil aitheantas bainte amach aige as a chur chuige nuálach i gceol traidisiúnta na hÉireann.
This is an 18+ event.
Is máistir ar an liric ghearr é Louis de Paor, dar leis an gcriticeoir Máirín Nic Eoin, a chruthaíonn nasc teann d’íomhánna a chuireann daoine, eachtraí nó caidrimh in iúl. Tá go leor duaiseanna liteartha an Oireachtais bronnta ar de Paor thar na blianta; bhuaigh a chéad chnuasach, Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh, duais atá buaite arís eile aige ó shin. I measc a chuid cnuasaigh eile tá 30 Dán, Corcach agus dánta eile agus Agus rud eile de. Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna an cnuasach is déanaí uaidh.
Louis de Paor — poet, critic and editor — was born in Cork. He currently lives in Galway and is Director of the Centre for Irish Studies at the University of Galway. He lived in Australia from 1987 until 1996. He lectured at the University of Sydney and presented an Irish radio programme in Melbourne. In 2000, he was awarded the prestigious Lawrence O’Shaughnessy Award, the first poet writing in Irish to do so.
Is duine de na nuafhilí Gaeilge is mó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí na Gaeilge san 21ú haois í Caitríona Ní Chlérichín. Chomh maith leis an dá chnuasach a thuill clú di, is é sin Crithloinnir agus An Bhrídeach Sí, rinne Peter Fallon aistriúchán Béarla ar shaothar léi sa leabhar The Talk of the Town. Fuair sí ardmholadh ó mholtóirí Dhuais an Airtnéidigh nuair a tharraing siad aird ar chumas Chaitríona a bheith sa bhaile sa saol comhaimseartha agus ar a suaimhneas chomh maith agus í ag plé le hÉirinn an 17ú haois, dánta pearsanta atá ar maos sa mhiotaseolaíocht. Dhein Caitríona leaganacha mealltacha de shaothair na bhfilí clasaiceacha Sappho agus Óivid chomh maith do léirithe ilmheánacha stáitse IMRAM.
Caitríona Ní Chlérichín is one of Ireland’s most exciting new poets. Her collections include Crithloinnir and An Bhrídeach Sí, as well as the recently published bilingual selection of her work, The Talk of the Town, featuring English language versions by Peter Fallon. The judges of the Michael Hartnett Award for Poetry in 2015 highlighted her poetry as ‘powerful, courageous, sassy and important… Her mastery of Irish and sense of being at home in tradition and modernity is evident in poems set in the 17th century, poems framed by Gaelic mythology and in intensely personal lyrics. The poems are full of passion.’ She has also translated classical poets Sappho and Ovid for multi-media productions at the IMRAM Irish Language Literature Festival.
Tá cónaí ar Mháire Dinny Wren chois abhainn na Cláidí faoi scáth na hEaragaile i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill. Is file agus gearrscéalaí í. D’fhoilsigh Coiscéim a céad bhailiúchán filíochta, Ó Bhile go Bile (2011) agus d’fhoilsigh Éabhlóid a dara bailiúchán filíochta Tine Ghealáin (2019). D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor (2016) agus a tríú cnuasach dánta I Muinín na nDúl (2025). Tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Duillí Éireann, Comhar agus Feasta.
Máire Dinny Wren lives in her native home of Gaoth Dobhair in county Donegal where she writes poetry and short fiction. Prior to returning home in 1999, Máire lived in London for twenty-one years, where she was a member of the Green Ink Writers group. She has published three collections of poetry – Ó Bhile go Bile, Tine Ghealáin and I Muinín na nDúl.
Is ceoltóir agus déantasóir uirlise ó Rinn Ua gCuanach i gContae Phort Láirge é Macdara Ó Faoláin.
Macdara Ó Faoláin is a bouzouki player, fiddle player and singer from An Rinn, County Waterford, renowned for his innovative approach to traditional Irish music. He is currently focused on composing solo bouzouki pieces that blend his deep knowledge of harmony with his traditional roots, drawing inspiration from a wide array of genres. As a native Irish speaker, he is also writing new songs in Irish. His debut album Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn was launched in January 2025 with a sold-out release show.