2 nóiméad le…

Is scríbhneoir é Daithí Ó Muirí a bhfuil rian an osréalachais le sonrú ina shaothar, agus i mbliana tógann sé chuig ceann de na háiteanna is aistí agus is neamhghnáiche i mBaile Átha Cliath muid, Músaem na nGréibhlí. Cloisfear scéalta aige spreagtha ag na nithe scáfara atá ann. Labhair muid le Daithí le tuilleadh eolais a fháil faoi. 

Céard a mheallan tú i dtreo osréalachais?

Níl aon chur amach ar an osréalachas, le bheith fírinneach faoi.  Má shiúlann caraictéir ar an talamh nó má eitlionn sé sa spéir, is cuma, scéal atá ann.  ‘Sé an príomhrud: An dtaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn? Leabhra Gaeilge a spreag mise chun pinn ar an gcéad lá riamh. Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí le Séamus Mac Annaidh, mar shampla, nó Mo Chathair Ghríobháin le Dara Ó Conaola, Ding agus Scéalta Eile le Seán Mac Mathúna – níl fhios agam an osréalachas iad sin.

Má tá uafás le sonrú i do scéalta, tá cineáltas agus greann iontu freisin. Cheapfá nach scanraíonn nithe scáfara tú, ach go bhfuiil tú fiosrach futhu, go mbreathnaíonn tú orthu ar bhealach mar chomrádaithe?

Is cinnte go scanraíonn cuid den stuif a scríobhaim, sa leabhar Cogaí, mar shampla – is cuimhin liom mé féin a cheistiú: an bhfuil mé i ndáiríre ag iarraidh rud chomh gránna leis sin a scríobh?  Ach ní mór leanúint ar aghaidh.

An bhfuil aon ní ar leith i Músaem na nGréibhlí a chuir faoi dhraíocht tú?

Thaitnigh an Béar Mór agus an Leon Mór liom – chuir mé isteach i ngearrscéal iad!  Ach le fírinne tá an músaem ar fad iontach go deo – an chéad uair a chuaigh mé ag an músaem chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

An bhfuil ócáid eile le linn na féile a bhfuil tú ag súil go mór leis? 

An 424: an Bus go dtí an Ghealchathair mar chuid d’fhéile IMRAM.  Minic mé ag taisteal ar an mbus seo le blianta.  Cheannaigh mé ceol Trá Pháidín tar éis é a chloisteáil ar an Taobh Tuathail.  Dráma agus ceol – mé ag suil go mór leis!

 

Bí linn ag an oíche seo i Músaem na nGréibhlí, áit a bheidh Daithí ag léamh a chuid scéalta, le tionlacan fuaime leis an gceoltóir Fergus Kelly. TICÉID ANSEO