Gaelach agus Glórach Máire Zepf

  • Thursday 05th November @ 11:00 am
  • Raheny Library
  • Free. Booking required

    Léifidh an t-údar Máire Zepf óna húrscéal véarsaíochta d’aosaigh óga Dearg (Futa Fata).  Pléifear téamaí agusvéarsaíocht an leabhair roimh sheisiún cruthaitheach ina scríobhfaidh na déagóirí a gcuid filíochta féin i nGaeilge. Beidh na dánta dírithe ar ghlór agus ár gcaidreamh leis – inár gcaidrimh phearsanta trí úsáid na Gaeilge, go polaitiúil, agus go hinmheánach. Bainfidh Máire úsáid as prapaí agus leideanna spraíúla (samplaí péinte deirge le giotaí filíochta) chun tús a chur leis an bpróiseas cruthaitheachta.

    Máire Zepf will read from her new YA verse novel Dearg and explore both the themes and the free-verse style, before leading a hands-on creative session where teens will create their own Irish-language poetry. Máire will use fun and accessible props and prompts (red paint swatches with poetry fragments) to kickstart the creative process. 

    Is údar aitheanta í Máire Zepf i saol litríocht na n-óg agus litríocht na Gaeilge. Tá ocht leabhar déag foilsithe ag Máire go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na léitheoirí is óige, agus úrscéalta véarsaíochta do dhéagóirí. Bhain a húrscéal véarsaíochta Nóinín gradam Leabhar na Bliana 2020 de chuid KPMG Leabhair Pháistí Éireann. Tá cónaí ar Mháire i gCo. an Dúin agus ba í an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart í, lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

    This a schools’ event for TY. Booking enquiries to info@dublinbookfestival.com.