Imeachtaí Gaeilge agus Dátheangacha ag DBF26

 

Ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath, is breá linn ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí, scéalaithe agus foilsitheoirí atá ag obair trí mheán na Gaeilge agus i mbliana, tá clár iontach leagtha amach againn d’imeachtaí trí Ghaeilge, dátheangacha agus imeachtaí ilteangacha san áireamh ann! 

I measc na n-imeachtaí, beidh plé ar an rath atá ar an scannánaíocht trí Ghaeilge, clinic leabhar speisialta do dhaoine fásta ina dtabharfar moltaí léitheoireachta ar leabhair Ghaeilge, ceardlann Haiku siúlóide agus scríbhneoireachta, plé ar an bhficsean stairiúil, leideanna le cúpla focal Gaeilge a úsáid gach lá, léamha bríomhara filíochta, léirithe ceoil, oícheanta mic oscailte, agus ócáid scéalaíochta don teaghlach a spreagfaidh an teaghlach ar fad le Gaeilge a labhairt agus leabhair Ghaeilge a léamh le chéile.

Whether you’re a Gaeilgeoir, or only have the cúpla focal, this year’s series around the Irish language offers something for everyone to enjoy. We have Irish language events, bilingual events and even a multilingual event in the mix; from an event around Irish language film and reading recommendation book clinics, to a haiku walk, historical fiction discussion, poetry readings, an open mic, an interactive family event, and much more.

And if you’ve never come to a book festival before to read, hear, and speak Irish, let this be our invitation to join us this year.

Here’s our spotlight on the many events you can enjoy on this year’s programme.

A lucht leanúna na scannán, ná scaoiligí an ceann seo tharaibh!  Agus borradh faoi chúrsaí scannán Gaeilge, pléifear ábhar an leabhair nua Scannánaíocht na Gaeilge ag painéal speisialta. Beidh co-eagarthóir an leabhair Róisín Ní Ghairbhí, an scannánóir Aodh Ó Coileáin agus Máire Ní Chonláin i mbun comhrá le Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Along with the discussion around this timely new publication, which traces the evolution of Irish language film, attendees will be treated to an in-the-pipeline presentation around Anam na Mara, with Director Gavin Fitzgerald and Producer Jessie Hayden. This new feature documentary from Venom Films explores the fiercely competitive world of currach racing in an Irish-speaking community in the West of Ireland. (Wed 4 Nov, 6:30pm, IFI)

 

We are very excited about this year’s book clinic for adults with acclaimed writer Anna Heussaff. Whether you have a good grasp of the language and just want some fresh recommendations, or you’re new to the language and don’t know where to start, Anna is the Book Doctor for you. Ireland has a wealth of writers and publishers producing brilliant books in the Irish language – drop by Anna’s stand to discover just some of them. Beidh comhairle againn duit ag an gClinic Leabhar do Dhaoine Fásta, do gach leibhéal cumais agus taithí! Anna will be ready to chat your reading through with you and send you off with a fresh prescription, whether you’re looking to dive deep into a novel, or maybe start with some short stories or poetry. This is a drop-in event, first-come, first-served, so get there on time to book in your time slot, then browse our Festival Hub until you’re up. (Sat 7 Nov, 3:15pm – 4:45pm, Royal Irish Academy of Music)

Agus do na páistí? Seo libh go Clinic Leabhar, Leabhair Pháistí Éireann, áit a mbeidh a nDochtúirí Leabhar ag dáileadh a moltaí iontacha léitheoireachta Gaeilge ar na léitheoirí óga i do theaghlach. 

(Sat 7 Nov, 12pm – 4pm, Royal Irish Academy of Music) 

© Andrew Downes, Xposure

An bhfuil tú ag iarraidh do chuid Gaeilge a úsaid? Hector Ó hEochagáin has become renowned as one of Ireland’s biggest champions of the Irish language, so if you, like many these days, are looking to find that inspiration to use your Irish more in daily life, then don’t miss this event. Hector’s latest book, Irish Words for Every Occasion, builds on the previous books in this bestselling series, empowering you from turning the cúpla focal into small, everyday conversations. Bígí linn as Hector joins TV presenter and broadcaster Muireann O’Connell for an evening of conversation about using our language in real-life chat, from local shops and cafés, to the workplace, pub and beyond! (Sat 7 Nov, 6:45pm, Royal Irish Academy of Music)

 

Léiriú haiku amuigh faoin aer i nGaeilge agus i mBéarla agus rannpháirtíocht an phobail ann. Beidh ginko ann, nó siúlóid haiku, agus iarrfar ar an lucht féachana a gcuid haiku féin a chumadh le linn na siúlóide, agus iad a léamh os ard. At Dublin Book Festival, we love to take our literature events out of the room and into the streets and outdoor spaces of Dublin, so this year’s poetry walk with Liam Carson is not to be missed. Not only will you get to hear haiku readings, in both Irish and English, as you walk the area around this year’s Festival Hub at RIAM, but you’ll also have the chance to try your own hand at writing a haiku. Whether you’re already a poetry lover, or looking to experience Irish writing and Dublin’s outdoors in a whole new way, this one’s for you. (Sun 8 Nov, 2pm, departing from the Royal Irish Academy of Music)

 

Tá ríméad orainn a bheith ag oibriú le foireann iontach Off The Scéal i mbliana. Trí scéalaíocht, filíocht, ceol agus greann, cruthaíonn Off the Scéal spás ina mbíonn fáilte roimh gach teanga. Fáiltíonn Off The Scéal roimh lucht labhartha na Gaeilge, an Bhéarla agus teangacha eile, agus roinneann sé an stáitse chun na naisc idir ár bpobail a cheiliúradh. Whether you’re creating any kind of art – be it storytelling, poetry, singing, or comedy – and whether it’s in Irish, English, or another language, Off The Scéal is a dynamic Multilingual Open Mic and Seanachaí Night, aiming to bring people across communities together and build empathy through language and Art. Sign-ups are on the evening, so come to listen in, to cheer on, and who knows, maybe by the end of the evening it will be you up on the stage! With special guest on the evening Louisa Ní Éideáin (Sun 8 Nov, 5pm, Teeling Distillery)

 

Céard é an peata teaghlaigh is deise? Cat? Madra? Muc ghuine? Nó rud éigin nach mbeifeá ag súil leis… rud éigin le meangadh lonrach agus dearcadh dána, b’fhéidir? Are you trying to speak more Irish at home? We might have just the event for you. Join former Laureate na nÓg, Patricia Forde for a fun-filled bilingual storytelling event around her new picture book, An Peata is Fearr. Whether you’re new to Irish or already enjoy the language, tá fáilte roimh chách — just bring your imagination and a sense of humour! This will be an opportunity for families to listen in then chat amongst each other and to other book lovers as Gaeilge. (Sat 7 Nov, 1pm, Royal Irish Academy of Music)

Introductions | Is sárthaispeántas d’Eigse Eireann é “Céadlínte” de 15 de na filí nua is spreagúla atá ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann. The Poetry Ireland Introductions | Céadlínte are always such vibrant and exciting evenings of poetry, showcasing brilliant new voices writing in both Irish and English. Join us at the stunning new Poetry Ireland building at No. 11 Parnell Square on Thursday 5 November and Friday 6 November to get a first glimpse of the freshest new voices on the scene.

Tá rimead orainn a bheith i mbun comhpháirtíochta aris le hIMRAM i sraith imeachtaí spéisiúla a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus litríocht na Gaeilge. 

Is áit iontach go deo é Músaem na nGréibhlí i mBaile Átha Cliath. Cathair ghríobháin dhá stór de dheismireáin, nithe scáfara agus scéalta ar leith. Tá a scéal féin ag gach rud; blúiríní béaloideasa, taismí leighis nó iarsmaí de chreidimh nach ann dóibh a thuilleadh. Sa léiriú seo, tá scéalta le Daithí Ó Muirí a ghlacann inspioráid ó na nithe atá sa mhúsaem. Léifear na scéalta os ard le tionlacan fuaime leis an gceoltóir trialach Fergus Kelly (Fri 6 Nov, 7pm & 8pm, Museum of Curiosities)

Bígí linn ag Macallaí na Staire, plé ar fhicsean staire leis An tOllamh Michael Cronin. Úrscéal é Bódléar le Darach Ó Scolaí a phléann an t-athrú a bhí ag teacht ar shaol na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ina úrscéalta staire, tugann Liam Mac Cóil trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise. Tarraingíonn Réaltán Ní Leannáin ar stair agus ar chuimhní teaghlaigh ina húrscéal, Cití na gCártaí. (Sat 7 Nov, 2pm, Royal Irish Academy of Music)

Tá ceann de bhuaicphointí na féile ar ais, Móroíche Filíochta agus Ceoil, agus scoth na filíochta agus an cheoil beartaithe arís i mbliana. Tugann filíocht Róise Ní Bhaoill muid ar thuras a thugann léargas dúinn ar áilleacht agus ar fhulaingt an tsaoil. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach filíochta, Dambatheanga/Damlanguage le Mícheál Ó Ruairc an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014. Tá ceol agus filíocht á nascadh le chéile ag Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin sa léiriú seo a fhaigheann spreagadh go leor ó leabhar nua filíochta Éire, Puisín Beag an Diabhail. (Sat 7 Nov, 6:30pm, Teeling Distillery)

Calling all Literary Producers and Programmers around the country! Are you a Festival Director, librarian, cultural officer, bookshop owner, or other, organising literary events? This year’s Literary Producer event showcases the wealth of writers, creatives and publishers we have working in the Irish language, who are ready and set to contribute to your next cultural programme. While this event is a showcase of Irish language children’s literature and writers, the event will take place primarly in English, so we encourage all programmers to join us, whether you have the cúpla focal or not. (Fri 6 Nov,10:30am, Royal Irish Academy of Music)

 

Tá 3 imeacht thart ar 3 leabhar nua iontacha Gaeilge san áireamh i gclár na scoileanna i mbliana. 

Labhróidh Cathal Billings agus Paul Rouse, údair  An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn, faoina leabhar le scoláirí agus tabharfaidh siad deis dóibh ceisteanna a chur agus  iniúchadh a dhéanamh ar na naisc idir an spórt, an pholaitíocht agus an tsochaí le linn ré réabhlóideach na hÉireann (Thu 5 Nov, 10:30am, National Library of Ireland)

Beidh deis ag scoláirí bualadh leis an scríbhneoir Máire Zepf do léamh bríomhar, plé agus ceardlann chruthaitheacht thart ar an leabhar is deireanaí uaithi. Léifidh Máire óna húrscéal véarsaíochta d’aosaigh óga Dearg. Pléifear téamaí agus véarsaíocht an leabhair roimh sheisiún cruthaitheach ina scríobhfaidh (Thu 5 Nov, 11am, Ballymun Library)

Glacfaidh scoláirí páirt i gceardlann idirghníomhach le Éadaoin Ní Dhomhnaill bunaithe ar a leabhar tarraingteach nua Katie agus an Pacáiste Runda. Léifidh Éadaoin caibidil óna leabhar agus ansin beidh deis ag na páistí a scéal bleachtaireachta féin a chumadh (Thu 5 Nov, 11am, Ballyogan Library)

See the full programme of Irish language and bilingual events here.

 

Gabhann Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath buíochas le Foras na Gaeilge as tacaíocht a thabhairt do go leor d’imeachtaí na bliana seo. Our thanks to Foras na Gaeilge for the support towards many of this year’s events.